Tuesday, September 30, 2014

Scríbhneoirí Árann – Aran Writers

Spreag blag na míosa seo caite faoi Thomás Ó Flaithearta agus Féile na bhFlaitheartach taighde breise ar scríbhneoirí Árann. Achar gairid sular bhásaigh sé i 1990, thug mac dheirfiúr Thomáis – an t-iriseoir, craoltóir, agus údar Breandán Ó hEithir as Cill Rónáin – caint bhreá uaidh ar scríbhneoirí Árann i Scoil an Cheathrar Álainn i bhFearann an Choirce, scoil a dúnadh i 2005. Thaifead an craoltóir agus aisteoir Árannach, Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh, an chaint do Raidió na Gaeltachta. Le linn a chuid cainte, thug Breandán suntas do bhisiúlacht na n-údar áitiúil agus d’áirigh breis agus trí scór leabhar ó phinn na n-oileánach. “Is mór an lear é as áit bheag,” a dúirt sé, agus b’fhíor dó. I gCiarraí na caide, áiríonn Mícheál de Mórdha in Ionad an Bhlascaoid Mhóir cúig leabhar is fiche as oileánra s’acusan ó dheas. Mar sin, is gaire í toirt chanóin Árann do thoirt chanóin Lios Tuathail, ina bhfuil – dar le Cara Trant sa Kerry Writers’ Museum – go hard os cionn céad leabhair.

Ag cur le hiarrachtaí Chumann Liam & Tom O’Flaherty ceiliúradh a dhéanamh ar roinnt dár scríbhneoirí áitiúla, seolann blag na míosa seo liosta de na leabhair, idir beag agus mór, a scaoileadh as trí oileán Árann. Rinne mé iarracht a bheith cuimsitheach ach táim ag brath oraibhse anois, a léitheoirí, moltaí a roinnt ar bhur gcaoithúlacht. Ní áirím anseo iriseoireacht na n-oileánach, a bhfuil liosta eile le háireamh sa mhéid toirtiúil sin, ná cnuasaigh béaloidis a chruthaigh oileánaigh le gairid (Mná Fiontracha Árann, Comharchumann Chaomháin), ná cnuasaigh a bhaineann le hoileáin eile (m.sh. Olwen Gill et al., Island Writings: A unique collection from 14 islands off the coast of Ireland (Women’s Interisland Network, 2007)). Ní áirím ach oiread leabhair a scríobh daoine a mhair tamall fada in Árainn ach nárbh de bhunadh na n-oileán iad; ina measc siúd, molaim go háirithe Oileáin Árann (Baile Átha Cliath: Muinntir C.S. Ó Fallamhain i gcomhair le Oifig an tSoláthair, 1930) a scríobh an tAthair Mártan Ó Domhnaill (1877–1963) as An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo – an chéad leabhar Ghaeilge a scríobhadh faoi Árainn – agus Ó Thrá Anoir (Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo: Foilsiúcháin Náisiúnta Teo., 1985) a scríobh an t-oide scoile Dónal Ó Flannagáin (1922-1989) a rugadh sa Ráth, Co. Chorcaí. Níl aon chaint anseo ach oiread ar leabhair iomadúla James Brendan Connolly (1868-1957), fear a rugadh i nDeisceart Boston ach arbh as Árainn dá mhuintir. Tá blag dá chuid féin tuillte aigesean, ag a scéal agus ag a shaothar spleodrach. Sa líon cláraithe thíos – a áiríonn leabhair a foilsíodh ó 1901 anuas – tá os cionn céad leabhair agus, mar is ionann d’amhráin Árann, is mó fir ná mná a chuir díobh iad.

*

Last month’s blog about Tom O’Flaherty and The O’Flaherty Summer School inspired some additional research on Aran writers. Shortly before he died in 1990, Tom’s nephew Breandán Ó hEithir – the journalist, broadcaster and author from Cill Rónáin – gave a fine lecture on Aran writers in Scoil an Cheathrar Álainn, a primary scoil in Fearann an Choirce that was closed in 2005. The lecture was recorded for Raidió na Gaeltachta by another islander, the broadcaster and actor Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh. In his talk, Breandán paid homage to the prolificacy of Aran writers, who had produced over sixty books, he reckoned. “Is mór an lear é as áit bheag” – “It’s a large haul from a small place,” he said, and he was right. In Kerry, Mícheál de Mórdha of the Blasket Centre calculates that twenty-five books emerged from the Blasket Islands so, in terms of volume, the Aran canon compares more with that of Listowel, which – according to Cara Trant of the Kerry Writers’ Museum – includes well over a hundred books.
 
Leac ar aghaidh Phort Bhéal an Dúin, Árainn, 2 Aibreán 2013
Adding to the efforts of the Liam & Tom O’Flaherty Society to celebrate some of Aran’s writers, this blog shares a list of books and booklets that have emerged from the three Aran islands. I have tried to be as comprehensive as possible but I am now relying on you, dear readers, to make recommendations at your leisure. The list excludes journalistic works by islanders, works that are so numerous they require a list of their own; folklore collections created more recently by islanders (Mná Fiontracha Árann, Comharchumann Chaomháin); and literary collections pertaining to other Irish islands (e.g. Olwen Gill et al., Island Writings: A unique collection from 14 islands off the coast of Ireland (Women’s Interisland Network, 2007)). The list also excludes books written by people who came from elsewhere to live for a long time in Aran; among those, I recommend especially Oileáin Árann (Baile Átha Cliath: Muinntir C.S. Ó Fallamhain i gcomhair le Oifig an tSoláthair, 1930) by Fr Mártan Ó Domhnaill (1877–1963) from Mulranny, Co. Mayo – the first Irish-language book written about Aran – and Ó Thrá Anoir (Westport, Co. Mayo: Foilsiúcháin Náisiúnta Teo., 1985) by the schoolteacher Dónal Ó Flannagáin (1922-1989) who was born in Charleville, Co. Cork. Finally, the list also excludes the substantial oeuvre of James Brendan Connolly (1868-1957), born in South Boston to Aran parents. His spectacular story and works deserve a blog of their own. The list given below – naming first editions published since 1901 – numbers over a hundred books and, as with the songs of Aran, the authors feature more men than women.

Tomás Bán Ó Concheanainn (1870–1961), Baile an Mhothair, Inis Meáin
An Leighean Deireannach (aistriúchán; 1901)
Blátha Bealtaine (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1902)
Mion-Chomhradh (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1904)
Focla Gnótha agus Cora Cainte (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1904)
Gormfhlaith (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1905)
Mac-Ghníomhartha Bhriain (Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1905)
An Fear Cruaidh-Chríoch (aistriúchán; Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1905)
Laochra Gaedhael (Baile Átha Cliath: Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1923)
Seoda na Sean: Inis Fáil (leabhrán scoile; Baile Átha Cliath: Brún & Ó Nualláin, 1924)
Seoda na Sean: Eamhain Mhacha (leabhrán scoile; Baile Átha Cliath: Brún & Ó Nualláin, 1924)
Seoda na Sean: Fianna Éireann (leabhrán scoile; Baile Átha Cliath: Brún & Ó Nualláin, 1924)

Peadar Ó Concheanainn (1878-1957), Baile an Leisín, Inis Meáin
Inis Meáin: Seanchas agus Scéalta (Baile Átha Cliath: An Gúm, 1931)

Tomás Ó Flaithearta (1890-1936), Gort na gCapall, Árainn
Aranmen All (London: Hamish Hamilton; Dublin: At the Sign of the Three Candles, 1934)
Cliffmen of the West (London, Edinburgh: Sands & Co., 1935)

Liam Ó Flaithearta (1896-1984), Gort na gCapall, Árainn
Thy Neighbour’s Wife (úrscéal; London: Jonathan Cape, 1923)
The Black Soul (úrscéal; London: Jonathan Cape, 1924)
Spring Sowing (gearrscéalta; London: Jonathan Cape, 1924)
Civil War (leabhrán; London: E. Archer, 1925)
The Informer (úrscéal; London: Jonathan Cape, 1925)
The Terrorist (leabhrán; London: E. Archer, 1926)
Darkness: A Tragedy in Three Acts (dráma; London: E. Archer, 1926)
The Child of God (leabhrán: London: E. Archer, 1926)
Mr. Gilhooley (úrscéal; London: Jonathan Cape, 1926)
The Tent (gearrscéalta; London: Jonathan Cape, 1926)
The Wilderness (novel first serialised in The Humanist 1927; republished in book form, Dublin: Wolfhound Press, 1978)
The Fairy Goose and two other stories (gearrscéalta; London: Faber & Gwyer, Ltd., 1927)
The Life of Tim Healy (beathaisnéis; London: Jonathan Cape, 1927)
The Assassin (úrscéal; London: Jonathan Cape, 1928)
Red Barbara and other stories (gearrscéalta; London: Faber & Gwyer, Ltd., 1928)
A Tourist’s Guide To Ireland (satirical booklet; London: Mandrake Press, 1929)
The House of Gold (úrscéal; London: Jonathan Cape, 1929; republished in 2013)
Return of the Brute (úrscéal; London: Mandrake Press, 1929)
Mountain Tavern and other stories (gearrscéalta; London: Jonathan Cape, 1929)
Joseph Conrad: an appreciation (leabhrán, Blue Moon Booklets No.1; London: E. Lahr, 1930)
Two Years (dírbheathaisnéis; London: Jonathan Cape, 1930)
I Went To Russia (dírbheathisnéis; London: Jonathan Cape, 1931)
The Puritan (úrscéal; London: Jonathan Cape, 1931)
The Ecstasy Of Angus (úrscéal; London: Joiner & Steele, 1931)
A Cure for Unemployment (leabhrán, Blue Moon Booklets No.8; London: E. Lahr, 1931)
Skerrett (úrscéal; London: Victor Gollancz Ltd., 1932)
The Wild Swan and other stories (gearrscéalta; London: William Jackson Ltd., 1932)
The Martyr (úrscéal; London: Victor Gollancz Ltd., 1933)
Shame The Devil (dírbheathaisnéis; London: Grayson & Grayson, 1934)
Hollywood Cemetery (úrscéal; London: Victor Gollancz Ltd., 1935)
The Short Stories of Liam O’Flaherty (gearrscéalta; London: Jonathan Cape, 1937; revised, New York: The Devin-Adair Company, 1956)
Famine (úrscéal; London: Victor Gollancz, 1937)
Land (úrscéal; London: Victor Gollancz Ltd., 1946)
Two Lovely Beasts and Other Stories (gearrscéalta; London: Victor Gollancz Ltd., 1948)
Insurrection (úrscéal; London: Victor Gollancz Ltd., 1950)
Dúil (gearrscéalta; Baile Átha Cliath: Sáirséal & Marcaigh, 1953)
Irish Portraits: Short Stories (gearrscéalta; London: Sphere Books Ltd., 1970)
The Pedlar’s Revenge and other stories (gearrscéalta; Dublin: Wolfhound Press, 1976)
The Letters Of Liam O’Flaherty (published posthumously; Dublin: Wolfhound Press, 1996)

Pat Mullen (c.1883-1972), Cill Rónáin, Árainn
Man of Aran (London: Faber & Faber, 1934)
Hero Breed (London: Faber & Faber, 1936)
Irish Tales (London: Faber & Faber, 1938)
Come Another Day (London: Faber & Faber, 1940)

Colm P. Ó hIarnáin (1914-1989), Eoghanacht, Árainn
Gleann an Chuain (gearrscéalta; Baile Átha Cliath: Clódhanna Teo., 1978)

Máirtín Ó Direáin (1910–1988), Sruthán, Árainn
Coinnle Geala (Baile Átha Cliath: Brún & Ó Nualláin, 1942)
Dánta Aniar (Baile Átha Cliath: Brún & Ó Nualláin, 1942)
Rogha Dánta (Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill, 1949)
Ó Mórna agus Dánta Eile (Baile Átha Cliath: Cló Morainn, 1957)
Feamainn Bhealtaine (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1961)
Ár Ré Dhearóil (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1962)
Cloch Choirnéil agus dánta eile (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1966)
Crainn is Cairde (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1970)
Ceacht an Éin (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1979)
Dánta 1939-1979 (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1980)
Selected Poems – Tacar Dánta (Newbridge, Co. Kildare: Goldsmith Press, 1984)
Béasa an Túir (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1984)
Craobhóg Dán (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1986)

Dara Beag Ó Fátharta (1920–2012), Baile an Dúna, Inis Meáin
Cloch an Fhaoileáin (eag. M.F. Ó Conchúir; Indreabhán: Clódóirí Lurgan, 1982)
Cloch na nGabhar (eag. Ciarán Ó Coigligh; Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2003)

Breandán Ó hEithir (1930-1990), Cill Rónáin/Mainistir, Árainn
Thar Ghealchathair Soir: léacht a tugadh ag Scoil Gheimhridh Mherriman, 1971 (Baile Átha Cliath: Cumann Mherriman, 1973)
Lig Sinn i gCathú (úrscéal; Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill, 1975)
Willie the Plain Pint agus an Pápa (aistí; Baile Átha Cliath: Cló Mercier, 1977)
Lead Us Into Temptation (novel; Routledge & Kegan Paul, 1978)
Over the Bar: a personal relationship with the GAA (Dublin: Ward River Press, 1984)
Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1985)
The Begrudger’s Guide to Irish Politics (satire; Dublin: Poolbeg, 1986)
This is Ireland (Dublin: O’Brien Press, 1987)
Sionnach ar mo Dhuán (úrscéal; Baile Átha Cliath: Sáirséal & Marcaigh, 1988)
An Nollaig Thiar (Baile Átha Cliath: Poolbeg, 1989)
A Pocket History of Ireland (Dublin: O’Brien Press, 1989)
An Chaint sa tSráidbhaile (aistí, eag. Caoilfhionn Nic Pháidín; Baile Átha Cliath: Comhar Teo., 1991)
An Aran Reader (eag. le Ruairí Ó hEithir; Dublin: Lilliput Press, 1991)

An tSiúr Finnín Ní Chonceanainn (1932-), Baile an Mhothair, Inis Meáin
Tomás Bán (beathaisnéis, le Ciarán Ó Coigligh; Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, 1996)
Bruach na Coiribe, agus Dánta Eile (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2006)

Peadar Sheán Shiúnac (Peadar Mór) Mhac Conaola (1947-), Cinn an Bhaile, Inis Meáin
An Géidséara agus Amhráin Eile (eag. Ciarán Ó Coigligh; Comharchumann Inis Meáin, 1997)
Trácht Each & Amhráin Eile (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2006)

Pádraig Ó Tuathail, Bun Gabhla, Árainn
Aran to Africa: An Irishman’s Unique Odyssey (dírbheathaisnéis; Nuascéalta, 2013)

Antoine Powell, Eochaill, Árainn/Nua-Ghuine Phapua
Oileáin Árann: stair na n-oileán anuas go dtí 1922 (Dublin: Wolfhound, 1983)

Dara Ó Conaola, Inis Meáin/An Baile Thíos, Inis Oírr
Cuairt ar Oileáin Árann/Guide to the Aran Islands (Published annually by Ceardshiopa Inis Oírr Teo; 1978-)
An Gaiscíoch Beag (Baile Átha Cliath: An Gúm, 1979)
Mo Chathair Ghríobháin agus scéalta eile (gearrscéalta; Baile Átha Cliath: An Gúm, 1981)
Cor in Aghaidh an Chaim (Ceardshiopa Inis Oírr Teo, 1983)
Amuigh Liom Féin (Ceardshiopa Inis Oírr Teo, 1988)
An Teachín Ceann Tuí/Thatched Homes of the Aran Islands (Ceardshiopa Inis Oírr Teo, 1988)
Night Ructions: selected short stories (Forrest Books, London & Cló Iar-Chonnachta, Co. na Gaillimhe, 1990)
Misiún ar Muir/Sea Mission (An Ceardshiopa Inis Oírr Teo, 1992)
Albert Power: Saol agus Saothar (Ceardshiopa Inis Oírr Teo, 1996)

Mairéad Conneely, Baile an Mhothair, Inis Meáin
Between Two Shores/Idir Dhá Chladach: Writing the Aran Islands, 1890-1980 (Series: Reimagining Ireland Vol.32; Oxford: Peter Lang, 2011)

Féach/See: George Jefferson, Liam O’Flaherty: A Descriptive Bibliography of his Works (Dublin: Wolfhound Press, 1993).

No comments:

Post a Comment