Saturday, November 30, 2013

Máire Ní Dhioráin 1945 & Oireachtas 1913

Is cosúil nach bhfuil deireadh ráite faoin Oireachtas go fóill. Is iomadh scéilín ó bhéilín atá cloiste agam ó shin mar gheall ar an bhféile, ní amháin faoi Chill Áirne roinnt seachtainí ó shin, ach freisin faoi Bhaile Átha Cliath i 1945 agus faoi Ghaillimh i 1913, agus faoin gcaoi gur chaith na rannpháirtithe a gcuid ama le linn na féile. Ná bíodh faitíos oraibh: ní sceithfear aon rún anseo! Níl uaim ach taifead eile a d’eascair as an bhféile a roinnt libh, chomh maith le fógra beag faoi scéal rí-spéisiúil a roinnfear le pobal na Gaillimhe go rí-ghairid.


Árainn ón aer
Pic: Rónán Mac Giolla Pháraic
Nuair a thaistil Máire Ní Dhioráin as Árainn – ise atá luaite i mblag na míosa seo caite agus i mblag an Aibreáin – go Baile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair 1945 chun freastal ar an bhféile, glacaim leis gurbh í sin an chéad uair aici san ardchathair. Thapaigh sí an deis aithne a chur ar an áit agus thug cuairt ar Bhinn Éadair agus ar Thithe an Oireachtais agus d’fhreastal ar chluiche iománaíochta – rud nach bhfeicfí go ró-mhinic in Árainn – i bPáirc an Chrócaigh (uí Ógáin 2007, 423). Freisin, bhí sí ar cuairt i dtithe éagsúla: oíche Chéadaoin Tí Shorcha Ní Ghuairim, oíche Dhéardaoin Tí Shéamuis Uí Dhuilearga, agus oíche Dhomhnaigh Tí Jack Hughes i nDún Droma. I measc na ndaoine a casadh ar Mháire, a ghlac páirt sna comórtais, agus a thaifead dioscaí do Shéamus Mac Aonghusa agus a chomhghleacaithe i gCoimisiún Béaloideasa Éireann, bhí Máire Ní Cheocháin as Baile Mhúirne, Tadhg Ó Cuanaigh agus Diarmuid Ó Riordáin as Cúil Aodha, Seán Jeaic Mac Donncha, Seosamh Ó hÉanaí agus Beartla Ó Conghaile as Carna, agus Conal (Condaí) Mhicí Hiúdaí Ó Domhnaill as Rann na Feirste. Is iad cín lae oifige Shéamuis Mhic Aonghusa (CBÉ 1296: 374-9) a roinneann an t-eolas seo ar fad linn agus tugann sé léargas iontach dúinn ar an gceiliúradh a rinneadh agus ar spiorad agus ar thuin na hócáide. Is léir ón taifead seo thíos go raibh Máire ar bís: nuair a thug sí faoin amhrán An Páistín Fionn a thaifead, sheol na sceitimíní a stuaim chun seachráin (Cnuasach Béaloideasa Éireann CT0260; Máire Ní Dhioráin (23), Cill Éinne, Árainn, Co. na Gaillimhe. Bailitheoir: Séamus Mac Aonghusa, 24 Deireadh Fómhair 1945).

Mar atá i gcín lae Mhic Aonghusa – sceitimíní ar dhaoine ag an cruinniú spleodrach spraíúil agus tuiscint acu go bhfuil eachtra áirithe ag titim amach – tá an tuin chéanna le n-aireachtáil freisin, is dóigh liom, sna cuntais a mhaireann ó Oireachtas 1913, féile a bhí ar bun i gcathair na Gaillimhe i ndeireadh mhí Iúil na bliana úd. Ar na cuntais seo – a ainmníonn ceoltóirí áirithe, ina measc an t-amhránaí Maighréad Ní Annagáin, an píobaire Denis Delaney, agus na veidhleadóirí Mrs. Bridget Kenny agus Treasa Ní Ailpín – tá seod amháin ag tarraingt cainte faoi láthair i measc staraithe na Gaillimhe, laistigh agus lasmuigh den ollscoil: is é sin grianghraf atá céad bliain d’aois i mbliana, a glacadh ag Oireachtas na bliana 1913 agus a foilsíodh sa nuachtán An Claidheamh Soluis. Coinnigí súil ar na meáin mar go roinnfear leis an bpobal an grianghraf stairiúil seo sar i bhfad. Cruthófar freisin deiseanna don bpobal ainm a chur ar na daoine sa phictiúr nár aithníodh go dtí seo. Ní neart go cur le chéile!

* Féach Ríonach uí Ógáin eag. ‘Mise an fear ceoil’: Séamus Ennis – Dialann Taistil 1942-1946. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2007.
*

Oireachtas na Gaeilge is still drawing talk about how the revelers passed the time, not only at last month’s festival in Killarney, but also in Dublin in 1945 and in Galway in 1913. Don’t worry: I’m not going to divulge any secrets here! I mean simply to release another recording that emerged from the festival and also to tip you off about a fascinating story that is soon to be shared with the people of Galway.

When Máire Ní Dhioráin of Árainn – who featured in last month’s blog and in April’s blog – travelled to Dublin in October 1945 to attend the festival, I understand that it was her first time in the capital. She took the opportunity to get to know the city, visiting Howth and the Houses of the Oireachtas and attending a hurling match – a sight rarely seen in Aran – in Croke Park (uí Ógáin 2009, 514). She also visited various houses, that of Sorcha Ní Ghuairim on Wednesday night, Séamus Ó Duilearga on Thursday night, and Jack Hughes in Dundrum on Sunday. Among the people Máire met, who participated in the competitions and who recorded discs for Séamus Ennis and his colleagues in the Irish Folklore Commission, were Máire Ní Cheocháin of Baile Mhúirne, Tadhg Ó Cuanaigh and Diarmuid Ó Riordáin of Cúil Aodha, Seán Jeaic Mac Donncha, Seosamh Ó hÉanaí and Beartla Ó Conghaile of Carna, and Conal (Condaí) Mhicí Hiúdaí Ó Domhnaill of Rann na Feirste. The source of all this information is Séamus Ennis’ office diary (NFC 1296: 374-9) and it gives us wonderful insight into the spirit and celebratory tone of the occasion. It also helps to contextualize Máire’s performance here; she was so excited that she forgot the words to the song An Páistín Fionn (National Folklore Collection CT0260; Máire Ní Dhioráin (23), Cill Éinne, Árainn, Co Galway. Collector: Séamus Ennis, 24 October 1945). My sincere thanks to the National Folklore Collection at University College Dublin for permission to share the recording here.

The tone of Ennis’ recollections – which conjure for us a sense of an exuberant and thrilling gathering bristling with anticipation – is echoed in the surviving accounts of Oireachtas 1913, which took place in Galway at the end of July that year. Amid these accounts – which name some of the participating musicians, including singer Maighréad Ní Annagáin, piper Denis Delaney, and fiddlers Mrs. Bridget Kenny and Treasa Ní Ailpín – there is one prize jewel that has set the hearts of Galway historians ablaze: a photograph taken 100 years ago at Oireachtas 1913 and published in An Claidheamh Soluis. Keep an eye to the media because this historic photograph will soon be shared with the public, who will be given the opportunity to help identify those that remain, as yet, unnamed. Ní neart go cur le chéile!

*See Ríonach uí Ógáin ed. Going to the Well for Water: The Séamus Ennis Field Diary 1942-1946. Cork: Cork University Press, 2009.