Monday, October 28, 2013

Máire Ní Dhioráin @ Oireachtas na Gaeilge 1945

Agus Oireachtas na Gaeilge faoi lán a’ tseoil i gCill Áirne an tseachtain seo, meabhraítear dom amhránaithe Árann a thug aghaidh ar an bhféile agus ar na comórtais ó 1897 anuas. Díobhsan, is í Treasa Ní Mhiolláin as Sruthán, Árainn, a rinne an gaisce is mó, ag crochadh léi Corn Uí Riada faoi dhó i 1972 agus i 1979. Díríonn an blagphosta seo ar bhean eile as Árainn, a thug aghaidh ar Oireachtas na bliana 1945, agus roinneann taifead di. Tá mé den tuairim gurb í an chéad oileánach a ghlac páirt sna comórtais ardáin.
Céibh Chill Éinne, Árainn

Rugadh Máire Ní Dhioráin i gCill Éinne ar 15 Aibreán 1922, duine de bheirt iníon a saolaíodh do Mhaidhcilín ‘Wallace’ Ó Dioráin (d.1975) agus do Mháirín Ní Bhriain (1896-1967). B’amhránaí agus boscadóir í Máirín agus b’amhránaithe agus filí a deartháireacha Pádraigín, Antaine, agus Teaimín. Mhínigh mé mí Aibreán seo caite gur éirigh le Máire amhrán a bhí cumtha ag Teaimín, Amhrán na Feola (CBÉ S1A: 103-106), a bhreacadh uaidh ar son Bhailiúchán na Scol 1937-9. Chuidigh an taithí seo léi i 1945 nuair a tháinig Séamus Mac Aonghusa chomh fada léi-se agus lena muintir i samhradh na bliana úd ag bailiú amhrán. Faoi Mháire, scríobh Mac Aonghusa:
Duairt sí órán ar báll dúinn – “B’ait liom bean a d’imreóchadh beart” (“Peigí Mistéal”) agus fonn an-áluinn aice leis, agus go deivin níor thada a áilneacht le h-ais an ghlóir cinn atá aig Máire fhéin. ‘Sí is breaghtha chuala mé go dtí seo bhfuil glór aice (CBÉ 1297: 27).
Déarfainn gurb é Mac Aonghusa a spreag Máire chun aghaidh a thabhairt ar an Oireachtas i mBaile Átha Cliath, agus freisin – is dóigh liom – ar na comórtais ardáin a bhí ar bun ar feadh seachtaine in Amharclann na Mainistreach ón 20 Deireadh Fómhair ar aghaidh. Mo léan, ní mhaireann fianaise a chruthódh go raibh Máire san iomaíocht. Ní ainmnítear ach seisear den deichniúr ban a chan. Is í Máire Ní Cheocháin as Cúil Aodha a thug léi an bua agus b’í Treasa Ní Mhaoilchiaráin as Ruisín na Maithniach a thug léi an dara duais. B’iad Sorcha Ní Ghuairim agus Dinny Pháidí Duncaí Ó Baoighill na moltóirí.
Ba nós le Mac Aonghusa agus lena chomhghleacaithe i gCoimisiún Béaloideasa Éireann iomaitheoirí an Oireachtais a thabhairt isteach chun na hoifige ar mhaithe le hamhráin a thaifead uathu. Ar phlátaí aicéatáite, thóg Mac Aonghusa ceithre amhrán ó Mháire: Is Tusa Mo Rún (is é sin An Páistín Fionn), Siúil a Rúin, Peigí Mistéal, agus Cúirt Bhaile Nua (CBÉ CT0260). Seo chugaibh véarsa uaithi (Cnuasach Béaloideas Éireann CT0260; Máire Ní Dhioráin (23), Cill Éinne, Árainn, Co. na Gaillimhe. Bailitheoir: Séamus Mac Aonghusa, 24 Deireadh Fómhair 1945).


I 1950, léirigh Mac Aonghusa an athuair a mheas ar amhránaíocht Mháire nuair a thug sé deis don bailitheoir cáiliúil ceoil Alan Lomax cóip dá thaifead féin a chruthú. Tá fáil anois ar an dubáil sin ar shuíomh an Association for Cultural Equity. Ní fios go fóill má mhaireann aon taifead eile d’amhránaíocht Mháire. I 1946, chuaigh sí ar imirce go Sasana, áit dá raibh sí ag obair ar feadh seal ag dochtúir i Learpholl. Phós sí Lesley Arnsby, agus d’éag ar 30 Samhain 2007.
*Féach Ríonach uí Ógáin eag. ‘Mise an fear ceoil’: Séamus Ennis – Dialann Taistil 1942-1946. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2007.
*
As the national Irish-language festival Oireachtas na Gaeilge takes place this week in Killarney, Co. Kerry, I am reminded of the singers of Aran who have attended the festival and competed in its events since 1897. Of those, Treasa Ní Mhiolláin of Sruthán, Árainn, is the best-known singer for winning Corn Uí Riada twice in 1972 and 1979. This blogpost introduces another woman from Árainn, who attended Oireachtas na Gaeilge in 1945, and shares a recording of her singing. I believe she was the first islander to compete in the stage competitions.
Máire Ní Dhioráin was born in Cill Éinne on 15 April 1922, one of two daughters born to Maidhcilín ‘Wallace’ Ó Dioráin (d.1975) and Máirín Ní Bhriain (1896-1967). Máirín was a singer and accordion-player and her brothers Pádraigín, Antaine, and Teaimín were singers and poets. I mentioned in April’s blog how Máire transcribed from Teaimín one of his compositions, Amhrán na Feola (NFC S1A: 103-106), for the School’s Scheme of 1937-9. This experience stood to her in the summer of 1945 when Séamus Ennis came to collect songs from her and her family. Of Máire, Ennis wrote (my translation):
She later said a song for us – “Strange to me a woman who would play a move [trick]” (“Peggy Mitchell”) and she had a very beautiful air to it, and indeed her beauty was nothing to the singing voice Máire herself has. She has the finest voice I have heard yet.
I surmise that Ennis suggested Máire attend Oireachtas na Gaeilge in Dublin and that she compete in the stage competitions that ran all week in the Abbey Theatre from 20 October onwards. Unfortunately, there is no evidence to prove that she did, in fact, compete. Only six of the ten competitors in the women’s competition are named. Máire Ní Cheocháin of Cúil Aodha won first prize and Treasa Ní Mhaoilchiaráin of Ruisín na Maithniach won second prize. Sorcha Ní Ghuairim and Dinny Pháidí Duncaí Ó Baoighill adjudicated.
Ennis and his colleagues at the Irish Folklore Commission regularly brought Oireachtas competitors to their office in order to record them. On acetate discs, Ennis captured parts of four songs from Máire: Is Tusa Mo Rún (that is, An Páistín Fionn), Siúil a Rúin, Peigí Mistéal, and Cúirt Bhaile Nua (NFC CT0260). Presented above is one verse from her (National Folklore Collection CT0260; Máire Ní Dhioráin (23), Cill Éinne, Árainn, Co Galway. Collector: Séamus Ennis, 24 October 1945.).
In 1950, Ennis expressed his admiration for Máire’s singing once again when he enabled the famous music collector Alan Lomax to copy his recording of her. That dubbed recording is now available on the Association for Cultural Equity website. It is not yet known whether there are any other surviving recordings of Máire’s singing. In 1946, she emigrated to England, where she worked for a time for a doctor in Liverpool. She married in Lesley Arnsby and died on 30 November 2007.
*See Ríonach uí Ógáin ed. Going to the Well for Water: The Séamus Ennis Field Diary 1942-1946. Cork: Cork University Press, 2009.